Tráthnóna beag aréir
(Late yesterday evening)

Irish

Thíos i lár an ghleanna tráthnóna beag aréir
Agus an drúcht 'na dheora geala ina luí ar bharr an fhéir
'S ea casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis is pearsa
'S í sheol mo stuaim chun seachráin tráthnóna beag aréir

Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ‘gabháil síos an gleann aréir
Ag éalú fríd an chanach agus ciúineas ins an spéir
A rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí 's nár ghairid
Ó 's a Rí na glóire gile tabhair ar ais an oíche aréir

Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh agus labhairt le stór mo chléibh
Nó dá bhrfaighinnse buaidh ar chinniúint cér mhiste liom fán tsaol?
Shiúlfainn leat fríd chanach is fríd mhéilte ar chiumhais na mara
Agus dúiche Dé dá gcaillfinn go bpógfainnse do bhéal
Down in the middle of the glen, late yesterday evening
And there were white drops of dew lying on top of the grass
I met a maiden who had the prettiest face and personality
She made my good sense go astray late yesterday evening

And, God, how pleasant our behavior was going down the glen last night
Stealing through the cotton-grass and there was silence in the sky
Love of my heart, wasn't our heart-playing sweet and short
Oh, King of the bright glory, bring back last night

If I got permission to return and to speak to the love of my heart
Or if I got the better of destiny, what would I care about life?
I'd walk with you through cotton-grass and through dunes by the edge of the sea
And God's land I'd lose if I could kiss your mouth